Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 415
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Tighearna ann fadó agus bhí cailín aimsire aige a bhí an-chliste.”
Bhí tighearna ann fadó agus bhí cailiín aimsire aige a bhí an-chliste. Chuaidh sé ag fiadach lá agus dubhairt sé leí béile maith a beith reidthighthedó nuair thiocfadh sé ar ais mar go mbeadh duine uasal leis. D'iarr sé uirthi dhá lach a mharbhughadh. Rinne sí amhlaidh agus fá cheann tamaill chuaidh sí amach le féachaint an raibh an tighearnaag teach ach ní raibh. Chuaidh sí isteach annsin agus fuair sí roinnt agus d'ól é agus dith an dá lach. Chuaidh sí amach annsin agus chonnaic sí an tighearna ag teacht. Tháinig sé isteach i dtosach ar an bhfear a bhí leis agus d'iarr ar an gcailín an dinneár a thabhairt dóibh. Chuaigh sí amach agus dubhairt leis an bhfear amuigh go raibh an tighearna leis an dá chluais a bhainnt de. Rith sé chomh maith is bhí sé in ndan. Dubhairt sí leais an tighearna gur thug an ferar eile leis an dá lach. Rith an tighearna amach agus ghlaoidhair ach sin a raibh aige dá' bárr.Scéal
“Fadó bhí fear agus a ceahrar mac ina gcóimhnuidhe 'san Iarthar.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Bailitheoir
- Liam Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Driseachán, Co. na Gaillimhe