Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 628
- XML “Araideacha”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Leigeas:- Tá leigheas le h-aghaidh "torns" (?) 'sa' gcaonach agus 'sé an chaoi a ndéantar é ná an duine a chosa a thamadh 'sa' gcaonach agus é ag fás
- 1) Imthigheann an breág ach fanann an fhírinne2) Is ceart cuimhneadh ar an arán a h-itheadh3) Sháthruigh an fhoighid an chineamhaint4) Is fearr glas ná amhras (imreas)5) Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb6) Is minic deifir mhór 'un droch mhargadh7) Is fearr rith fada ná droch sheasamh8) Is deacair capall a chur ag ól uisge muna bhfuil tart air 9) Fág an tír nó bí sa bhfaisiún
10) Is dána é an madadh i n-a dhoras feín ( i ndoras a thighe feín)
11) Is teó lán spúnóige d'fhuil duine óig ná dhá chóta mór ar shean-dhuine
12) Níl fhios cé's feárr an t-ádh ná eirghe moch13) NÍ fhághann minic onoír14) Ní'l grádh 'á mhéid nach fuath a dheireadh15) Ní'l grádh 'á mhéid nach dtig fuath dhá réir16) Bíonn blas searbh ar an bhfírinne
17) An té nach gcuireann 'san Earrach ní bhaineann sé 'sa bhFóghmar
18) Is trom an t-ualach é an leisg19) Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an Fóghmhór ar fad
20) Ní h-é an té bhaineas an Foghmhar a ólas bainne na bó ar fad
21) A chomhairle féin de mhac Éanna 's ní bhfuair ariamh níos measa
22) 'San aít a mbaintear an crann is ann a bhíos a shliosna (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe