School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 628
- XML “Araideacha”
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leigeas:- Tá leigheas le h-aghaidh "torns" (?) 'sa' gcaonach agus 'sé an chaoi a ndéantar é ná an duine a chosa a thamadh 'sa' gcaonach agus é ag fás
- 1) Imthigheann an breág ach fanann an fhírinne2) Is ceart cuimhneadh ar an arán a h-itheadh3) Sháthruigh an fhoighid an chineamhaint4) Is fearr glas ná amhras (imreas)5) Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb6) Is minic deifir mhór 'un droch mhargadh7) Is fearr rith fada ná droch sheasamh8) Is deacair capall a chur ag ól uisge muna bhfuil tart air 9) Fág an tír nó bí sa bhfaisiún
10) Is dána é an madadh i n-a dhoras feín ( i ndoras a thighe feín)
11) Is teó lán spúnóige d'fhuil duine óig ná dhá chóta mór ar shean-dhuine
12) Níl fhios cé's feárr an t-ádh ná eirghe moch13) NÍ fhághann minic onoír14) Ní'l grádh 'á mhéid nach fuath a dheireadh15) Ní'l grádh 'á mhéid nach dtig fuath dhá réir16) Bíonn blas searbh ar an bhfírinne
17) An té nach gcuireann 'san Earrach ní bhaineann sé 'sa bhFóghmar
18) Is trom an t-ualach é an leisg19) Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an Fóghmhór ar fad
20) Ní h-é an té bhaineas an Foghmhar a ólas bainne na bó ar fad
21) A chomhairle féin de mhac Éanna 's ní bhfuair ariamh níos measa
22) 'San aít a mbaintear an crann is ann a bhíos a shliosna (?)(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway