Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 305
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)n-innsint do na daoine. Ní cruinnigheann aoinne isteach chun éísteacht leo. Bíonn cuid acu go h-an-maith ag seinm agus bíonn cuid eile go deas geanamhail leis na daoine.
- Do luigh an droch-shaogal go trom ar an gceanntar seo fadó. Bhí níos daoine agus tighte ann an uair sin ná mar atá ann anois. Bhí na daoine sláínteamhail folláín agus bhíodar i bhfad níos láídre ná na daoine atá ann anois.Tháinig an dubhachán ar na fataí sa mbliadhain 1846 agus lobhadar ins na puill agus ins na tighthibh. Ní raibh aon síl acu le cur an bhliadhain in a dhiaidh. Na fataí a d'fan slán sa talamh cuireadh i gcóir na h-aith-bliadhna iad. Do scaip na fataí lobhtha sa talamh mar sciapfí grainní síl.Nuair do theip ar na fataí fuaireadar fataí agus éádaigh ar iasacht ón na daoine a raibh a sháith acu féin. Níor íoc siad mórán airgid ortha. Cailleadh go leor de bhárr ocras agus fiabhras, agus tá fothracha a sean-tighthe le feicsint(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe