Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déantar Cros Bhrighde as dhá chlár. Cuirtear ceann acu treasna ar an gcean eile agus táirnge in a lár chun iad a chongbháíl daingean. Déantar an Cros sin an lá deire do mhí Eanair, agus crochtar os cionn an dorais é. Dóíghtear i gceann na bliadhna é agus cuirtear ceann nua in a áit. Ofráiltear an Chóróín do Naomh Brighid an oidhche sin.
LUIBHEANNA AGUS CRAOBHACHATugtar caorthann isteach sa teach Oidhche Bealtaine. Tugtar cuileann isteach Oidhche Nodlag, an Fhailm beannuighthe Domhnach na Failme. Tugtar eidheann isteach freisin i rith na Nodhlag. Caithtear an seamróg lá Fhéile Phádhraig in ónóir de Naomh Phádhraig. Ní dhéantar aon cros in ónóir de Naomh Pádhraig.Tugtar uisge beannuighthe trí huaire sa mbliadhain, Domhnach Cásga Domhnach Cingcíse agus lá Nodlag. Tugtar uisge as tobar Mám Éan, as Tobar Muire agus Tobar Feichín i nDubhachta. Deirtear go bhfuil léighiseanna ins na h-uisgí sin
Fuair mé an eolas seo ó mo shean-mháthair
Máire Ní Cadhain,
Dubhachta,
Corr-na-Móna- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cadhain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Dubhachta, Co. na Gaillimhe