Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 339
- XML “An Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-ainm a bhíodh ag muinntir na h-aite ar an leipreachán sa greasaidhe leipreachán nó greasaidhe luthairgín. Fírín beag bídeach 'seadh é. Tá sé idir troigh go leith agus dhá troigh ar aoirde. Sé an caoi a mbíonn se gléasta ná, bríste glúnach, casó dhearg, agus caipín dearg ar bhárr a cinn. Amuigh ins an sliabh a comnuigheann sé, nó b'feidir ar chnocán fraoch. An fhad is bhíonn se ag obair, bíonn se in a shuidhe fá bhun chrainn.
"Gréadaidheacht" an obair a bhíonn's ar siubhal aige. Bíonn sé amuigh le linn an tratnóna, in a shuidhe ar chnocan agus gach tic teac le'n a chasúr aige.
Bíonn go leor airgead aige. Pota óir a bhíonn's aige. Deirtear go mbíonn sé in a shuidhe go hiondamhail ar an bpota, agus é ag gréasaidheacht.
Seo sgéal i dtaobh duine do rug ar leipreachán. Bhí bean do mhuinntir Seoigheach in a comnuidhe i gCrimlin uair amháin. Lá amháin bhí sí amuigh ag faire ar chaoirigh, agus chonnaic sí leipreacháin in a shuidhe ar cnocan. Rug sí air agus thug sí isteach abhaile in a h-aprún é. D'iatt sí an pota óir air, acht níor thug an leipreachán aon áird uirthi.
Bhí sí ag dul isteach sa seomra annsin chun an leipreachán a chur i mbosca, agus bhuail sí ordóg a coise in aghaidh cloiche a bhí san urlár, gur bhain sí an ionga di. 'Anois' ars an leipreachán "tá an pota óir fan gcloich sin. Sgaoil sí an leipreachán uaithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe