Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lorg dhá chaisleán sa gceanntar seo. Tá ceann i nDún agus ceann i gCunga. Sé Rí Domhnall a thóg an ceann i gCunga. Sé Ódó O'Concubhair a thóg an ceann i nDún. Bhí dún ann ag muinntir Flatharach. Do mhill Feilim O'Concubhair é sa mbliadhain 1233. Thóg Uaitéar de Búrca é arís agus bhí sé in a chomhnuidhe ann. Nuair táinig muinntir Chromaill go h-Éirinn mhilleadar arís é. Choinnigh Earl of Iveagh ceannphort caisleán Cunga Caisleán na Circe gan tuitim isteach in a bhfothrach. Thug Gráinne Ní Máille cuairt air go minic.Rinneadh ionnsuidhe ar caisleán Cunga, an uair a bhí na Firbholg agus na Tuatha De Danann ag troid. Bhí an caisleán láidir an uair sin. Deirtear gur cuireadh muinntir an chaisleáin fá draoidheacht, agus go ndearnadh iasg de mhnaoi uasal chaisleáin. Sin í an t-iasg atá le feiceál fós sa tobar in aice an chaisleáin.Tá fothrach dá theampull ar Inis-an-Ghoill. Sé Lughnadh Naomtha mac inghine Naomh Pádhraig a thóg ceann acu. Tógadh an ceann eile blianta in a dhiaidh sin. Thart os cionn dorais an tséipéil tá dhá chloigeann déag de na h-Apstail le feiceál ceaptha amach ins na clochaí. Tá lorg na ndoras agus na bhfuinneóg le feiceál fós air. Rinneadh mainistir i gCunga sa 12adh aois. Turlach O'Concubhair a rinne é. Sé Feichín Naomhtha an t-abb deire a mhair i gCunga. Is ann a fuair Ruaidhrí O'Concubhair an t-Árd Rí deire a bhí ar Éirinn bás sa mbliadhain 1198.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe