Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 313
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann chuile duine fan dtuaith fataí ar an bhfeilm gach bhliadhain. Ulmuigheann an feilméar an talamh ar dtús, agus cuireann sé aoileach amach air. Cuirtear an t-aoileach amach i gcairt ar ngort, agus annsin scairtear é le píce. In comairí a cuirtear síol na bhfataí, agus síol turnaipi freisin.
Sé an caol a déantar na h-iomairí ná, ar dtú déantar an talamh do treabhadh le céachta, agus annsin déantar na h-iomairí. Bíonn gach iomaire slat ar leithead, agus fágtar clais ar gach taobh dí lé céachta agus le láighe a déantar na h-iomairí. Usáideadh céachtaí adhmaid sa cheanntar fadó, agus tá trí cinn ann fós, agus usáidtear iad. Bhí na céachtaí adhmaid trom agus bhí píosa iarainn ortha in áiteacha chun an adhmaid a choinneál daingean. Ní rinneadh na ramhainn san áit acht ceannuigheadh iad.
Nuair a bhíos na h-iomairí réidh i gcóir an tsíl, gearrann bean -an-tighe na fataí. Fágann sí cúpla súil i ngach sciollán. Annsin cuirtear iad agus dúntar na puill le láighe nó le céachta. Fágtar spás idir na sciolláin. Annsin clúduigheann an feilméar iad le créafóig as an gclais. Tar-éis tamaill briseann na baslóga aníos tríd an gcré. Fásann siad go mall nó go mbíonn siad breágh árd. Má bhíonn an aimsear te tagann duibheachán ar na fataí. Cuirtear cloch-gorm ortha chun iad a chosaint.
Nuair a bhíos na fataí aipidh baintear iad, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe