Scoil: Bouleenshere (C.) (uimhir rolla 12865)
- Suíomh:
- Buailín Séar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mary A. Walsh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bouleenshere (C.)
- XML Leathanach 484
- XML “Cill Mhic Adá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I gCeann Ciarraidh in aice leis na failltreacha, tá fortacha cílle ar a dtugtar "Cill Mic Idá". Bhí árd cáil ar an áit sin fadó & is mo an sgéul atá ag na sean-dhaoine na thaobh. Níl rud le feiscint fé láthair acht aon sean-fhalla amháin, & ar an dtaobh istig de'n bhfalla tá trí tuamaí ina gcuirtear na muínntir Corridáin. Ar an dtoabh amuigh de'n bhfalla tá leacht atá an-cosamhail le tuama, nó úaig, agus ar bharr na lice so, tá leach timcheall 3 troighthe ar aoirde. I bpoll ins an lich, tá cloc cóm-chruin atá cóm mór le óráisthe.
Tá árd-mheas ag muinntear Corridháin ar an gcloich seo, agus deireann síad go bhfuil leigheas innti in agaid tinnis. Do réir na sean-sgéulta bhí mainistir san áit sin, fadó, agus deirtear go ndeachaidh an tEosbog, Erc, ar cuairt ann aon úair amháin agus le linn sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Corradáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Gleann Doire, Co. Chiarraí