Scoil: Bouleenshere (C.) (uimhir rolla 12865)
- Suíomh:
- Buailín Séar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mary A. Walsh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bouleenshere (C.)
- XML Leathanach 487
- XML “Loch na mBráthar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh theas de Cill Mhich Idá & gairid dí, tá píosa beag de uisge. Nuair a bhíonn lán mara ann, bhíonn sé casamhail le loch beag. Tugtar "loch na mbrathar" air.
I lán an locha, tá 3 carraigeacha; tá gach ceann aca ar nós cinn fhir. Deirtear gur tháinig namaid go dtí an mhainistir aon uair amháin. Cuireadh ruaig ar na mainig, & toimáin eadh iad thar na failltreacha isteach ins an loch - loch na mbráthar, anois Narbhuigheadh iad gan moill, & láitreach bonn, tháinig na trí carraigeacha ud i lár an loca. Deireann daoine eile gurbh amhlaidh gur tháinig saighdidhúirí Crombell ar toir sagart go dtí na áir seo, aon uair amháin. Bhí na sagairt i bhfolach i bplúis in aice an locha. Fuaireadar tuairisg go raibh na saighdiúirí mór-thimcheall na h-áite. D'fhágadar an plúais acht bhíodar ro mall. Chonnaich an namad iad. Do rith na sagairt isteach ins an loch. Do lean na saighdiúirí iad & mharbhuigeadh na sagairt láthair bonn. Deinead na trí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Fhlaithimh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Gleann Doire, Co. Chiarraí