Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 044
- XML “An Fáinne Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní raibh an cailín lé fághail aige. Chuardaig gach áit ach ní raibh tásc ná tuairisg lé fághail aige airthe.
Bhí an sathach ag imtheacht amach ar an bhfarraige agus sa deire tháinig sé isteach i dtráigín beag.
Bhí fear a' tarrac gaimhnighe ar an dtráig agus nuair a chonnaic sé an sathach d'imthig sé chuige. Bhí rud ag glóruíl istig sa t-sathach agus d'imthig sé abhaile ag glaodhach ar thrúir fear eile. Thángadar go dtí an sathach agus dúbhairt an cailín istig an tón a bhaint breágh socair as an sathach.
D'imthig duine acu abhaile a' triall ar thuaigh agus bhaineadar an tón as an sathach.
Nuair a tháinig an cailín amach d'fhiafruig sí dóibh an raibh aon feirmeóir timcheall ar lorg cailín aimsire, agus dúbhradar léithe go raibh.
Thugadar go dtí an dtig í, agus d'fhiafraig an feirmeoir di cad a bheadh uaithe sa mbliadhain.
£17 ("seacht púint deug") ar sise. Agus bhí an feirmeoir sásta leis sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Leidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Cloichear, Co. Chiarraí