Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 045](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_045.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 045
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 045
- XML “An Fáinne Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aon mhaidean amháin bhí na truir cailíní eile ag dul go dtí an t-Aifreann agus bhí an cailín seo a' d'iarraidh dul ann ach ní leigfidís ann í.
Chaitheadar salann mór timcheall an úrláir agus dúbhradar léi é sin é sin a bhreith léi. Bhí sí ag gol mar dúbhairt sí ná feudfadh sí é bhailiú.
Níor bhfada go dtáinig a máthair chúiche agus dúbhairt sí léithe dul siar 'on gháirdin agus buille de'n t-slaitín draoidheachta a tharrac ar chloch bhán.
D'imthig sí siar agus thairrig an buile ar an gcloich bháin agus d'eirig capall bán chúiche.
Ansan chuir sí airthe culaith eudaig a fuair sí ó n-a máthair agus d'imthig sí airthe go dtí an t-Aifreann. Nuair a bhí sí ag deunamh ar thig an Aifrinn ghaibh sí tar an dtrúir cailíní amach. Bhí iongnadh an domhain ortha cér b'í féin.
Nuair a chuaidh sí go dorus tighe an Aifrinn chuaidh an capall ar a dhá ghlúin agus tháinig sí anuas do agus d'imthig airthe isteach go dtí an t-Aifreann.
Nuair a bhí an t-Aifreann ráidhte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Leidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Cloichear, Co. Chiarraí