Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chun an t-Oileán a d'aistriú amach agus é a chur in áit éigin eile. Nuair a bhraith muinntír an Oileáin iad bhí an cúrsa ró deannach chun ollmhú cogaidh a dhéanamh.
Do bhailigheadar le chéile. Chuireadar na páisti agus na mná ag bailiú cloch mar tháinig an chúrsa ró thapaidh. Sar a raibh na báid anuas ag an árthach, bhí ualach chloch bailighthe aca agus ba mhaith chuige iad chun go gcuirfidís an ruaig ar mhuinntír an bháid dar leó. B'seo isteach dá bhád, iad lán do ghárdaí agus báilí agus d'aram. Dheineadar isteach fé'n gcaladh agus nuair a fuaireadar istig iad siúd leó ag chaitheamh anuas na gcloch ó Bhárr na faille i mullach an chinn ortha.
Thug an Siriam órdú chaithte dos na pílears agus dheineadar. Do chosain an port muinntir an Oileáin agus na clocha agus mharbhuigheadar ceathrar. D'imthig(leanann ar an chéad leathanach eile)