Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 004
- XML “Buile Luath an Luain agus Buile Deireanach an tSathairn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do ráinig go raibh gabha ann tamall maith do bhliantaibh ó shoin agus bhí sé ana scannruighthe chun oibre. Bhíodh sé ag obair ó Luan go Sathairn agus ó seachtmhain go seachtmhain agus ó dhubh go dubh. Do bhíodh an ghubh ar fad air i n-am mhairbh na h-oidhche, istoidhche Dia Sathairn agus le glaodh an choilig mhaidean Dia Luain. Ní bhfuair sé aon t-sásamh 'na chuid oibre mara bhfaigheadh sé fághaltas ar an nDomhnach.
Do ráinig aon oidhche Sathairn amháin go raibh sé ag críochnúghadh a chuid oibre nuair a bhuail chuige an marcach fada dubh, capall bacach aige, agus speal fé na oscail; agus is ar an ngabha a bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Súileabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí