Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 054
- XML “Scéalta Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios ar an mbaile seo agus tá sé lán do phúcaí. Deir na sean-daoine go bhfeicidís soillse ann gach oidhche timcheall a deich a chlog agus as san go dtí na dó-dhéag a chlog.
Do chítí mórán saghas ainmhidhthe leis ann mar giorraithe agus cait. Lá do bhí fear ag cuir prátaí i n-gort atá cois na leasa. Do chonnaic sé an t-ainmhídhe mór bán ag teacht amach as poll a bhí i lár na leasa. Ba deárbhthach le cat é. Do thug sé cúrsa na leasa timcheall agus annsan d'imthigh sé síos tríd an bpoll arís.
Núair a tháinig an fear abhaile d'inis sé an scéal dá chómharsa. Dubhairt seisean go raghadh beirt aca soir an lá na dhíaidh agus go réabfaidís an poll.
Tímcheall a haon déag a chlog an lá na dhiaidh chúadar go dtí an lios chum é a réabadh. Do thugadar piocóidí agus slúaiste leo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peats Nic Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Leataoibh Meánach, Co. Chiarraí