Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 059
- XML “Scéalta Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lé h-ais an tíghe do bhí gort dá threabhadh agus san gort a bhí taobh leis sin do bhí scata garsúin ag imirt líathróide. Níor chuir sé chúchu ná úatha ach thug a bhóthar air. Do bhí scailp ceóidh tuitithe agus ní fhéadfhadh sé a shlíghe d'fághail abhaile. Do chaith sé an oidhche mór thimcheall na cúirte agus ní bhfaigheadh sé aon t-slíghe chuin dul isteach . Ní raibh geóin le cloisint aige istigh ach fúaimeanna siúbhail ar nós a bheadh duine ag dul súas an staighre.
D'fhan sé mar sin ag éisteacht leó go dtí gur ghlaoidh an choilleach. Annsin do scaip an ceódh agus d'imthigh an chúirt agus na fuaimeanna. Do bhúail sé i leith an bóthar annsan agus chúaidh abhaile. Do chuir san scannradh mór air i dtreó ná raibh sé sa mhaith céadna ó shin.- Bailitheoir
- Máire Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann