Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 067
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chat eile isteach agus thosnuigheadar ag cainnt. Dúbhairt an cat mór go raibh ingean rí Shasanna an-bhreóidhte agus go mbeadh ana chuid airgid ag an té a leighisfheadh í. "Nach fuiris san do leigheas" arsa an cat eile. Bheadh sí leighiste acht trí dheoch don uisce atá annsúd thall d'ól. Ar maidin núair a dhuisigh an bheirt fhear bhí na cait imthighthe agus an teine múchta. Chúadar go dtí an dtobar agus líonadar dhá bhuidéal don uisce. D'imthigheadar leo go Cóbh. Chuadar isteach i dtigh agus loirgeadar lóistín na hoidhche. Ar maidin d'itheadar an bricfeasta agus d'imthigheadar leó go dti an gcaladh. Bhí an tárthach díreach ag gluaiseacht amach. Dubhradar le captaon an bháid iad a chaitheamh sall. Dúbhairt sé go ndéanfadh.Chúadar isteach agus tugadh go Sasanna iad. Níor(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Bácaoir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Muiris Mic Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 64
- Seoladh
- Cathair Deargáin Theas, Co. Chiarraí