Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 098
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí gunna sa tigh agus bhí inghean an fhéirmeóra abálta ar an gunna do láimhseáil go maith. Líon sí an gunna agus is gearr go gcualadar duine ag teacht anuas sa t-seimné. Ní raibh ach an fear tagtha ar an dtalamh nuair a scaoil inghean an fhéirmeóra píléar tríd agus thuit sé ar fhleasc a dhroma ar an dtalamh.
    Líonadh an gunna arís ach má lionadh is gearr go gcualadar duine eile ag teacht anuas an t-seimné ach ní túisge a bhí sé tagtha anuas ar an dtalamh ná go marbhuigheadh é.
    Bhíodar ag teacht anuas na nduine is na nduine go dtí go raibh aon dhuine dhéag marbh aca.
    Ar maidin lá ar na bháireach tháinig an féirmeóir abhaile. Tháinig iongantas air nuair a chonnaic sé aon dheag marbh ach d'innis an cailín aimsire dho cad do thuit amach.
    I gceann tamall na dhiaidh sin bhí fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0956B: The Clever Maiden Alone at Home Kills the Robbers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Dhómhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Dómhnaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Maoilchéadair, Co. Chiarraí