School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 153
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)n'eirighe do bhóthar leat. D'imtig sí 'na clúr gleigeal an áirde 'san aer uaidh.
Bhuail sé an Clasach amach agus bús' aige dá bhaint as an bpíp. Bhí gach aon comhgar aige dá bhaint amach gur shruich sé an tigh. D'íth sé a shéire sul ar dhein sé aon eachtra d'innsint don bhean. "A" ar sise leis "de réir deáraibh nár bhuail an sprid leat." "An bhean bad macanta dár bhuail riamh liom" ar seisean, "ní baoghal d'einne í feasda, is ní gadh dómhsa tobac do cheannach a thuille, agus an meid is maith liom do dh'ól do. Chuireas ins na flaitis í súd" agus d'eachtaig se di trí síos.
Ach an fear bocht beireadh amuigh air sa deire. Aon lá amháin d'fág sé an píp i bpoll i n-adharta agus tháinig duine de's na comharsain isteach. Níor stad dia leis ná gur rug ar an bpíp agus gur bhain gal aisti. Nuair a bhí a sháth ólta aige bhuail sé uaidh sa pholl arís í. San oidhche nuair a shuidh fear an tighe sa chuinne chun a ghal bheith aige ar a shástacht do chuaidh do húm na hám do bhaint as a bpíp, do chaith se í chaitheamh uaidh. Bhí sí aige ar feag deich mbliadhna an uair sin, agus ar feag na hama san go léir(continues on next page)- Collector
- Siobhán Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Informant
- Muiris Mac Gearailt
- Gender
- Male