Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 104
- XML “Califórnia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Mo mhairg is dealbh mé i nuaighneas,
Air thaobh cnoic is gan éinne beó im threó,
I gCalifórnia a bhfad ó mo mhuínntir
Is mé ag smaoineann air an aimsir fadó.
II
Ins an áith seo níl spórt sult ná greann ann.
Ná canntain na n-éan air an gcroibh
Ná fiú amháin na beacha ann sa tSamhrad,
Do thógadh brón dom chroide,
III
A bhean tíghe ní maith liom do ghníomartha
Ní thaitnigheann tú liom i naon-chor mar mhnaoí,
Mar ní fios cé hé an fear mar a chéile,
Ná an leanbh air theacht a naoí mí.
IV
An deóraidhe tá ag lorg a dhéirce
Gan pingin na phóca le díol,
Ní bhfaigheadh sé adbhar briste na léine,
Ach an gadhair breach na dhiaid ag screambhaoil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Muirchearthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na Caithne, Co. Chiarraí