Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 166
- XML “Na Buachaillí Bána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeóir ann fadó agus bhí mach & ingean aige. Aon lá amháin chuaidh sé féin & a mhach & a bhuachaill aimsire ar an aonach go Corcaig le beithuighidh. An tráthnóna sar air imighuigeadar dúbhairt an feirmeóir le na ingean gan éinne a leigint isteach go dtí go dtiochfhaidh sé ón aonach. Dúbhairt an ingean ná leigheadh.
Tráthnóna lar na mháireach do bhuail chúice isteach seana bhean bhocht & gach aon screach aice á rádh "Ar shon Dé fágadhigh istig me go dtí maidhean. Ní fhághfam arsa ingean an feirmeóra mar dúbhair mathair liomsa ag éinne d'fághaint istig go dtí go dtíofadh sé. Tar éis tamaill dóibh ag cainnt d'fágh ingean an Rí istig i. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an t-seana-bhean a choladh sa chúine agus cuaidh ingean an fhir síos an t-seómra & d'fan sí ag feacaint aníos air an t-seana-bean.
Siar san oidhche do tosnaig an t-seana-bean ag athrú. Do dhein fear di & las sí coingeal i láimh duine mairbh & bhí ag caitteamh ór ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamus Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Maoileóin
- Inscne
- Fireann