Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 564
- XML “Scéal - Púca na Trá”
- XML “Scéal ar Fhear na gCorcán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a caitheadh lé faill iadh. Ansan leathfadh an sgéal ar fuaidh an pharóiste. Dhein fearaibh an pharóiste plan suas go mbailigheóchaídîs air agus go mbéadh fhios aca cad é an saghas rud é. Seo leó síos ar an dtráigh oidhche amháin. Ba gheárr go bhfeacadar cúcha é. Ach má chonnaiceadar do bhailigheadar tímcheall air agus do theanntuigheadar é. Nuair a fuair sé teanntuighthe é féin níor dhéin aon nídh ach naomhóg a dhéanamh dó féin agus bailiúghadh leis béal an chuain amach agus ní fheachathas ar an dtráigh riamh ó shoin é.
- Bhí fear ar a nglaodtar na potanna chuin cómnaidte i bparóiste Fionn-trága fadó. Baistheadh na potanna air de dheascaibh é bheith ag dul go Corcaig ag triall ar chorcáin, mar ní bhíod aon chorcán lé fáhail annseo timcheall an uair sin agus dheineadh sé ana phrefid ionnta. Oidhche is é ag teacht ó Chorcaigh do bhuail púca leis agus dúbairt lé fear na bpotanna an capall a tharrach isteach taobh an chlaide go tapaidh. Ara cad na taobh arsa fear na gcorcán ná fuil lá an bhothair chómh maith. Ná bac shan arsa an púca tharraing isteac tapaidh tá an tann-spríd id dhiaid, agus an ndéanfhaid san an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Duinsleibhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Duinsleibhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí