Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 578
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tobair. Tá naomh Manachain air an Leforaraig [?] i bparóiste an Daingin. Tugtar an turas ann dhá uair san mblian.
Domhnach Cásga , agus lá an Nodlag. Tugtar naoi tiompail ann, agus deirtear deichneabhar den gcóróinn gach uair a geibhtear tiompall. Mar leigheas air tinneas fiacail a tugtar an turas san. - Toibreacha ar LeanamhaintSeo mar leanas dhá thobar beannuighthe eile atá ins an paróiste. Tobar Rígh an Domhnaig i gCillmhicadomhnaig agus tobar Ciarráin thall inaice lé tráigh Ciarráinn ar an gCuan. Seo sgeul i dtaobh Tobar Rígh an Domhnaig. Bhí fear i gCillmhicadomhnaig fadó darb ainm do Seán de Mórdha. Oidhche amháin dár dearmhadar an tuisce, chuir Seán a chlann (go) cuin an tobair ag triall ar chanadh uisce. Canaidhí adhmaid a bhí san am san ann.
Thugadar leo an tuisce agus cuireadh cuid do i gcorcán ar an dteine, cuin go níghidís a gcosa sar a raghaidís a chodladh. Nuair a bhí sé in am ag an uisce bheith te d'fheuchadar air, acht bhí sé cómh fuar agus nuair a cuireadh ar an dteine é. Ansann cuireadh lasán fé cuin go dtéigheochadh sé ach b'e an sgéul ceudna é. Solus geitire, a bhí san am san ann, agus nuair a d'fheuchadar air an tuisce an tarna uair leis an solus is amhlaidh a bhí breac thíos ann. Ansann d'órduigh fear a' tighe an t-uisce a chuir sa chanadh arís agus é do chuir thar nais ins an tobar. Cuireadh an t-uisce(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Miceál O Uallacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Siobhán
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann