Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 591
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)idir an dá shúil ortha. Bhailigeadar leó go tapaidh
Croist na ngadhar a beadh duine eile aca bíodh sé sin ag fiadach ins an gcnoc na h-aon lá. Bhí mná an phároiste scannruighthe roimis mar bhí sé ana malluighthe. An lá seo tháinig sé isteach i dtig éigin timcheall. Lotrig sé braon té. Dúbhairt bean an tighe leis fanamhaint go fóíll mar ná raibh aon bhraon uisce sa chiotal. "Cad é an saghas uisce é sin ar an dteine agat" ar seisean. Bhí sé san oighean aicí. "Uisce chuin beisti" arsa bean tighe. Níor dhéin se aonrud ac gráine té a chaitheamh shíos ann. D'ól sé an tae go breágh. Nuair a bhí sé ag imteacht an doras amach do ghuidh sé rath agus séan ar bhean an tighe agus sonas air a muinntír do mhair agus suaimhneas siorraide ar an muinnthír do chuaidh an bealac mor roimpe. Annsan ghaibh sé amach go ciúin séímh beannachtach. - Fadó bhíodh buideanta díobh ag imteacht idteanta chéile ní h-ionann is anois. D'fanaidís trí lá nó mar sin i ngach baile dá dtéighidís ann. Lé tuiteamh na h-oidhche bhailígheadh muinntir an bhaile isteach chúca ag éisteacht lé na n-eactraithe. D'innsidis scealta ar cionnus mar bhí tig agus talamh aca féín tráth, ach gur bhuail an mí-ádh treasna ortha agus annsan chathadar imteacht ag iarraidh a ndéirce. Bhíodh cuid de lucht siubhail seo óg agus cuid aca aosta, cuid(leanann ar an chéad leathanach eile)