Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 593
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Buachaillí Tuí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul ó thig go tig, agus ceap na daoine gurbh amlaid a biodh na bróga ró mhór do, agus baisteadar "Tomás na mBuataisí Mora air."
- Is ar phósaidhthe agus ar rinncí abhídís. D'éilidís rinnce, spórt agus ól. Is iad an dream ná fuigheadh aon cuireadh chun dul ar an bpósadh a dheineadh iad féin a ghléasadh in a mbuachaillí tuighe. Tugaidís coirce leó as na gharraidhthe chun iad féin a ghléasadh. Bhíodh hataí árda tuighe ar a gceann aca.Téighidís isteach i dtig ba chun iad féin d'ullmhúghadh: Dheinidís a n-aghaidh agus a lámha a dhathú chun ná h-aithneofaí iad.Ní bhíodh puinn fáilte rómpa i gcuid dos na tighthe. Ba ghnáthach le cuidh acha díoghbháil a dhéanamh nuair ná faighidís aon deoch. An dream go mbíodh an caitheamh aimsire 'na dtig a dheintí an díoghbháil. Scaolthí a gcuid ba amach ar na bánta. Cuireadh a thuille acha an chairt anáirde ar chlaidhe agus bhainidís na rothanna uaithe.I dtighthe eile bhíodh ana fháilte rómpa. Ghéibhidís biadh(leanann ar an chéad leathanach eile)