Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 574

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 574

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 574
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ar an mbaile seo.

    ......tá timcheall le fiche blian ó shoin. Conchubhair a thugaimís air bhí sé os cionn deich mbliadhna is trí fichid nuair a cailleadh é Ana sgealtóir a beadh é Mairean a mhac Seumas ar an mbaile fós agus tá an dúthchas céadna ann.
    Nuair a bhí Seumas in aois a naoi no deich do bliana mar sin cuaidh sé siar go licín óglach in éinfheacht le n'athair lá ag bainnt iarcán bhí an tráigh sios agus dubhairt Conchubhair le Seumas fuiteach thuas ar an leic in áit sábhálta faid a bheadh sé féin ag baint. Bhí scláta beag aráin buidhe ag Conchubhar i gcóir an lac agus thug sé roinnt beag de de'n n garsún cun a bheith á chogaint nuair a bhuailfeadh an t-ocras é. Thainig aimsir dinnéir agus d'ith Conchubhar féin a raibh aige agus is dócha nách a leath a dhóthain a bhí aige. Bhí sé féin agus an garsún i dteannta chéile san am so. Tarraing sé chuige a phip agus bhí gal aige. Suil fhéachaint dá dtug sé cad a cífeadh sé cois na cloiche siar ach an báidín beag ba deise a chonnaic sé ariamh. Bhí seisear fear innta agus iad ag rámhaidheacht. Bhí caipíní bána ortha. Cnaipí buidhe na gcasog agus iad gléasta ar chuma na mairnéalach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seumas O Conchúbhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí