Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
- XML Leathanach 588
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodh eagla ar na leanbhaí roimis, ach níór ghádh dhóibh san mar bhí sé mín macánta.
Seo geárr-chúnntas ar bacaig Bhaile Mhúirne:-Bhí dream bacach tímcheall annso go dtugtaí ortha bacaig Baile Mhúirne. Is ó Baile Mhúirne i gCorcaig a thánadar, agus bhí fear mór tréan na cheann ortha. Bhí maidí croise aige, agus thugtaí fear na madaí croise air. Theíghidis tímcheall ó thig go tig le chéile, agus sé seo an rann a bhí aca:-"Eirig id shuídhe, a bhean mhaith an tíghe,
Is tabhair dúinn an cíos atá fada riamhg an díol." - Is annamh a thagann lucht siúbhail go dtí mo thig ac i rith an t-Samhraidh a thagann an cuidh is mó aca. Ní h-iadh an dream ceadna a thagann i gcómnaidhe. Bíonn earraí beaga a dhíol aca ar nós, gallúnac, lása, iallaca, agus sáspain. San am san ní bhíod ac tighthe beagha ag na daoine agus aon t-seómra amháin agus ba dheacair dóibh slighe d'fághail do lucht siúbhail. Séamus an mhála mhóir duine do's na daoine a bhíod ag imteacht timceall. Oidche amháin a bhí sé ar an mbaile seo i dtig éigin agus nuair a chualaidh na daoine é do bhailigheadhar go líonmhar isteach cuige ag éisteacht leis. Nuair a bhí beirt ó'n mbaile ag gabháil an dorus isteach dúbairt duine aca:- "Feac tá dhá hata air". Nuair a chualaidh fear an mhála mhóir é seo rug sé ar fhód móna ó'n dteine agus do chaith sé ortha é agus mara mbeadh an túisce a theicheadar bhí sé facta aca. Deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheal O Uallacáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí