Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    díobh san. Bíonn leabaidh prátaí curtha anois agus cuirtear na leabthacha eile sa tslíghe chéadna. Ní chuirimídna aon drilleanna mar deir na sean-daoine ná fuil an talamh oireamhnach do dhrilleanna agus go mbíonn an iomad bhfásta ionnta. Ní úsáidtear aon chéachtaí adhmaid tímcheall na h-áite seo anois acht chonnaic mo mháthair críonna ceann. Bhí déanamh an chéachta air acht go raibh soc iarann air agus 'sole plate' iarann. Ní chuirtí ag treabhadh aon bháin é acht coinnleach agus ithir i gcómhnaidhe. Nuair a cuirtear prátaí fé sgríb deintear iad a phacáil le seana rann nó le sean sluasad. Ní dhéanfaí an obair seo le h-úirlis nuadh le h-eagla ná fásadh na prátaí. Ní chabhruigheann na cómharsain le chéile acht dá dteastóchadh cabhair ó dhuine aca raghad duine eile ag obair chuige ar a phágh lae. Nuair a thagann na prátaí ar barra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Gribhthín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Gribhthín
    Inscne
    Fireann