Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 045](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_045.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 045
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1V.
Tá fonn air chun filleadht acht tá muirear ró-mhór air
Tá árd i n-a choinne ag cur moille go fóill air
Tá an meadhchan dá ghoineadh 's ag cur tuirse -'gus stróigh air,
'S go bráth leis ní rithfidh dul a thuille thar teorainn.V.
Ní mhothuigheann sé an cuisne ní cluineann sé an tóirneach
Nuall na dtonn briste ní deineann callóid air
Ó fágadh faoi geis é amuigh ar an bhfeorainn
Gan lascain ó'n stoirm ná foithin ó'n bhfeothainV1.
Tá a súile gan luisne, tú a chuisle gan beodhacht
Ní'l smúsach ná smior ann ná fuil ná feithleóga
Tá a shláinte uaidh imthighthe agus gan a choinne go deo léi
Tá a lámha 'gus a troighthe gan foighneamh gan fóirneart.V11.
Is fada é na stricide foirbhthe dreoidhte
Gan daonnaidhe gan duine ag cur suime na mhór bhruid
Acht sul a bhfaighidh sé a nead ar imeall an chósta
An mhuir a bheidh tirim 's an chruinne beidh dóighthe.
Críoch.- Bailitheoir
- Caitilín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Dhaoda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí