Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal1. Siobhán Ní Súilleabháin,
2. Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
3. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCam a' Lochaig uair. Bhí sé ag aoidhearacht stuic ar an gCnoc lá breágh gréine agus bhí sé ag cuimhneamh is ag machtnamh dó féin. Nuair a bhí sé ag máirseáil imeasg an stoic bhuail pluais leis istigh fé chloich. Ní raibh acht poillín beag ag dul isteach fé chloich go dtí an phluais agus chaith sé síneadh siar chun dul isteach ann.
Bhí sé tógtha fé mar bhéadh aon tigh agus fallaí ós a chionn. Lás sé lasán istigh ann agus chonnaic sé boscaod óir istig sa bhfalla. Bh an falla tógtha timcheall air agus dhein sé a mhíle dicheall chun é tharrac amach acht do theip air.
Bhí sé ag cuimhneamh in-a dhiaidh sin ar píocóid a thabhairt leis agus an phluais a raobadh chun go mbeadh an t-ór go léir aige, acht bhí eagla air tabhairt fé ar eagla go millfeadh na daoine maithe é mar deirtear go bhfuil siad i n-a gcomhnuidhe ann. Níorbh fhéidir leis an phluais a dhéanamh amach i n-a dhiaidh sin cé go bhfeaca sé go soiléir í an lá bhreágh gréine úd a bhí sé ag aoidhearacht stuic.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraigh Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí