Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann fadó agus ní raibh aige acht aon mhac amhain, agus chaitheadh sé a shaoghal ag fiadhach. Aon lá amhain go raibh an talamh clúduighthe le sneachta do mharbh sé préachán agus nuair a chonnaic sé é ar an dtalamh agus é ag tabhairt fola dubhairt sé ná pósfadh sé aoinne acht bean go mbeadh gruaigh cómh dubh leis an bpreachán uirthe, agus do mbeadh a croiceann cómh geal leis an sneachta agus a pluca cómh dearg leis an bhfuil. D'imthigh leis abhaile annsan agus fuair lón ullamh do féin agus chuir chun bóthair.
Ar a slighe dho do bhuail fear beag gearra glas leis, agus d'fhiafruigh de an raghadh sé in aimsir cuighe. Dubhairt an fear beag gearra glas go raghadh dá bhfaigheadh sé lathair tighe agus garrdhaí agus dubhairt mac an rí go raibh sé sásta D'imthigheadar leo acht is gearr gur bhuail fear leo agus é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí