Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “An Triúr Bithiúnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí triúr bitheamhnach ann fadó, is minic abhí agus beidh go deo. Aon lá amháin chuadar ináirde ar an gcnoc agus cad do fuaireadar anáirde acht cnocán mór airgid. Chuireadar duine de's na bitheamhnaigh síos go dtí an baile mór ag triall ar arán agus nuair a fuair an garsún sios é féin do cheannuigh sé nimh chun é chur ar an arán agus annsan nuair d'íosfadh an bheirt eile an t-arán caillfí iad agus bheadh an t-ór go léir aige féin. Bhí plean déanta ag an mbeirt nuair a thiocfadh an duine eile thar n-ais go marbhóchaidís é agus go mbeadh an t-airgead acu féin. Nuair do tháinigh an fear eile ináirde do mharbhuigheadar é agus d'itheadar an t-arán acht do bhí nimh ar an arán agus cailleadh iad, agus ní raibh an t-airgead ag aoinne acu. Sin é mo sceul so, is má tá bréag ann biodh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Gearrailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí