Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beaintreabhach ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Aon lán amháin, dubhairt an inghean ba shine le na máthair go raghadh sí ag tuilleamh di féin agus bológ aráin a dhéanamh di i gcomhair an bhóthair. Ar maidin lár na bháireach bhí dhá bhulóig déanta ag a mathair di agus dubhairt sí léithe "Ci a'cu b'fhearr leat, mo bhulóg mhór agus mo mhallacht nó mo bhulóg bheag agus mo bheannacht?" Dubhairt an cailín go m'fhearr léi an bhulóg mhór agus a mallacht. D'imthigh an cailín léithe agus bhuail tobar leí, shuidh sí síos le h-ais an dobair agus do tháinig éinín chuíce. Arsa'n t-éinín "B'fhuil brúscairín nó brúscairín agat a thuibhrainn dom geárgaigh atá i bpoll an chlaidhe le ráithe agam?" "Níl, ná mo dhóthain féin agam" aras'n cailín. Níor dhein an t-éinín acht a tharrach trid an uisce agus ?? fola agus íochtar meala a dhéanamh de'n uisce agus ní fhéadfadh an cailín aon bhraon de'n bhfuil d'ól. D'imthigh sí léi annsan agus bhuair sean-bhean leí. D'fhiafuigh sí di ag an dul in(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Gearrailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí