Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dhá fheirmeoir fadó riamh sa Domhan Toir. Tháínig aimsir an-thirm ortha agus bhiodar dá gcailliúint ceal uisce agus agus bhí a gcuid stuic ag fagháil bháís ceal uisce. Aon lá amháin bhuail an dá fheirmeoir le n-a chéíle sa bhfeirm agus bhiodar ag cuimhneamh agus ag machtnamh cá bhfuighidís uisce dóíbh féin agus dá stuic. Nuair d'iompuigheadar thart cé chífidís ag déanamh ortha na Janus.
"Cad tá oraibh anois nú cad air go bhfuil sibh ag cuimhneamh?" arsa Janus.
"Taimíd féin agus ár gcuid stuic ag fagháil bháis ceal usice, agus cad a fhéadfaimís a dhéanamh?"
"Cad é an t-uisce ba mhaith libh a fhagháil" arsa Janus.
"Ba mhaith liom-sa abha bheag do bheith ag gabhail trem' chuid talman ná méadóchadh agus luigheadóchadh acht a choimeádfadh uisce i gcómhnuidhe dom féin agus dom chuid stuic."
"Gheobhaidh tú é sin." arsa Janus.
"Cad ba mhaith leat-sa a fhagháil?" adubhairt sé leis an tarna duine.
"Niorbh am mhaith domh-sa é sin" ar sé "ach an Euphrates(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Nic Ghearrailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí