Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “An Cat Dubh agus Clann Mhóire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Móire agus Donnchadh Dí 'na gcómhnuidhe i lár na h-Éireann fadó agus bhí ceathrar duine cloinne acu, triúr mac agus aon inghean amháin. Bhídís ag troid gach aon lá sa tseachtmhain agus sa deire chaitheadar socrú éigin do dhéanamh. Seadh, shocruigheadar go bhfágfaidís a chéile agus go n-imtheochadh duine acu ó dheas agus an duine eile ó thuaidh. D'imthigh Móire ó dheas agus thug sí léithe a cuid cloinne agus nior stad sí riamh ná coidhche agus tháinig sí go Dún Caoin agus gur chuir sí fuithe i mBaile Bhiocáire agus is annsan a chómhnuigh Móire.
    Aon lá amháin bhí mac Mhóire ar an gcnoc agus chonnaic sé áthrach ag teacht isteach i bhfaill mhóir agus chuaidh sé fé-n-a dhein mar cheap sé gur áthrach raice í. Chuaidh sé ar bórd uirthe agus ní raibh aoinne innte acht cat mór dubh. Nuair a fuair an cat mór dubh ar bórd é chuir sé in áirde a sheol agus d'imthigh sé leó amach chun na fairrge agus ní bhfuair Móire tásc ná tuairisg ar cár d'imthigheadar. Nior dhéin an cat aon stad gur tháinig sé go dtí tráigh mhór gainmhe mar a raibh mórán buachaillí ag imirt peile.
    Tháinig sé amach as an áthrach agus stad ag féachaint
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Seoladh
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí