Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1-9 Feách an fear beag gearra glas.
10. D. Foghmhair 2adh 1934
1) Da dtagadh duine isteach idtigh chaithfeadh sé gabháilt amach an doras ceudna a gabh sé isteach2) Dá dtagadh duine isteach i dtigh nuair a bheitheá ag déanamh coigne chaithfeadh sé an mheadar do chasadh le h-eagla go dtabarfadh sé an t-ím leis3) Níor cheart aon bhainne a leigint amach go dtí aon tigh gan gráine salainn a chur air le h-eagla go dtabharfaidís an bainne leo4) Níor cheart an teine do choigilt istoidhche le h-eagla go dtiochfadh aon duine marbh isteach agus ná beadh aon teine acu5) Níor cheart an luaith a chur amach istoidhche le h-eagla go ndóghfadh na púcaí iad féin léi6) Níor cheart dul isteach i dtigh nuadh gan rud éigin a tabhairt ann an cheud uair a raghthá isteach ann7) Níor cheart dul amach nuair a bheadh aon leanbh 'na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí