Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 101
- XML “An Chéad Bhancaeir a Bhí sa Daingean”
- XML “Abha an Lóndraigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus theastóchadh san ó'n roilg.
- Gluaiseann sruthán uisge as Loch Bheárna Gaoithe agus sgéitheann sé anuas tríd an bparróiste seo go mbaineann sé amach an Trá' Bheag annso thíos. Abha a Londraig a tugtar ar an sruthán san. Bhí an Lóndrach na chómhnuidhe mar a bhfuil an Fhotharach(Fotharach Mór) anois. Ní fheadar cad d'imigh air ach d'fhág sé an tigh mór ann gur thuit sé i i ngabhál-a-chéile agus sin é fé ndeara Fotharach-Mór do ghlaodach ar an mbaile sin riamh ó shoin. Is amhlaidh a bhíodh an Lóndrach so agus fear mór eile- ní fheadar anois cad é'n ainm a bhí air sin- agus an parróiste roinnte eatortha. Ach bhídís i gcomhnaidhe in araid le chéile i dtaobh na habhann. Cé'r leis í nó ciacu ba mhó cál cúiche b'shin í an cheist. Is mó uair a bhaineadar fuil-mhairt as a chéile ar na bóithre agus ar bhruach na h-abhann chómh maith mar gheall uirthe. Ach níorbh aon réidhteach ar an sgéal é sin. Fé dheire chuadar fé dhéin breithimh go ndéanfaidís an chúis do phléigh os a chómhair. D'éist an breitheamh an chúis agus dubhairt sé go réidhteócadh sé an cheist i gcionn ceithre uaire fichead. D'orduig sé dóibh araon dul abhaile agus maidean lá'r na mháireach an té go mbeadh an t-athrú ba mhó déanta ar an abhainn aige roimh éirighe na gréine ba leis ainmiú na h-abhann agus fé na riara a bheadh. Chuadar abhaile, bailigh duine acu mitheal mhór fear agus thug sé iarracht ar chaidhséar na h-abhann d'athrú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gearailt
- Ainmneacha eile
- Tomás Mac Gearailt
- Tom Jimeen
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Siúinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Droichead na Geadaí, Co. Chiarraí