Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 118
- XML “Long an Fhíona”
- XML “Eascaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rud éigin suaithinseach amuich i lár na trágha. Bhí an taoide lagtrágha san am san agus chuaidh sé drig é go mbeadh fhios aige cad a bhí ann. Cad a bheadh ach sé cinn déag de bhairrillí fíona agus a gcinn aníos os cionn na gainmhídhe. Is amhlaidh a bhí taoide ramhartha ann agus sguabadh an ghainmh dhíobh. Chuir an t-oifigeach marc le cailc nó peann luadh ar gach bairrille díobh agus siúd leis an Daingean ar cos-anáirde go dtabharfadh sé leis cabhair cúcha.
Má seadh bhí fiaire feá aig Seán Mór agus gan puínn cúirim eile air ach ag faire tímcheall ar eagla go n-imteochadh aon ghora i gan fhios dóibh. Chonnaic sé an fuadar a bhí fé'n oifigeach agus chuir sé gairm-scoile amach láithreach. Bailigeadh cabhair idir fearaibh is mná agus nuair a tháinig an t-oifigeach agus na saighdiúirí eile thar nais ní raibh tásg ná tuairisg ar na bairrillí ná aoinne admhálach ionnta. - Mileadh is meath is crapadh an éin ort
luighe na gréine is na gaoithe ar fad (nó gan fasg')
Agus mara bhfuighir bás sa creideamh Gaedhealach
Go seoladh an diabhal tú as an saol ar fad.- Faisnéiseoir
- M. Ó Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse, Co. Chiarraí