Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Iascaire ó Phort Mag Aoidh
Do bhí Iascaire i bPort Mag Aoidh fadó gur b'ainm do Seán Ó Conchúbhair.
Do chuimhnig sé lá ar dul go Mericá agus níor stad an saoghal leis gur chuardh [go ndeaghaidh]. sé ann.
I Nuadh Eabhrach a chuir sé fé ar dtúis agus bhí obair agus tuilleamh maith aige annsan ar feadh blianta.
Nuair a bhí roinnt mhaith airgid curtha i dtaisce aige, dúbhairt sé leis féin go raghad sé tamall eile ó dheas ins an dtuaith, féuchaint a ndéanfadh sé saidhbhreas níos tapamhla ann, ba-m hall leis an teacht isteach a bhí aige mar a raibh sé.
D’imig sé agus chuaidh sé a bhfad ó dheas, agus má dhein, ní raibh obair le fagháil annsan aige mar a shaoil sé bheadh, agus is amhlaidh a bhí an sparáinín a bhí aige i dul i luigheadh in aghaidh an lae. Nuair a bhí deire caithte ‘ge do dhruid sé tamall eile ó dheas, agus is amhlaidh a bhíodh sé a' tuilleamh sa chaitheamh 's a druideamhaint ó dheas diaidh ar ndiadh, go dtí ar deire thiar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Dheada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Pádruig O' Mórdha
- Inscne
- Fireann