Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ag dul an Daingean le capall 's cairt.
Nuair a bhí se chómh fada le "Cam Caoch", do bhuail muc leis ar an mbóthar agus ní scaoilfeadh an mhuc thairis sin siar é.
Do thairrig sé chuige fuip mhór a bhí aige, agus bhuail se stiall ar an muic, ach má bhuail ar an neómat san do buaileadh bodhar balbh é féin, ach ní fheacaidh sé an mhuc a thuille.
Nuair a sroich sé an Daingean chuaidh sé gan mhoill a triall ar an sagart agus dhein sé cómharthaí dho dtaobh na muice chómh maith 's d'fhéadh sé é, 's thug an sagart éadach fasa bán do, agus dúbhairt sé leis nuair a cídeadh sé arís, í bhuailadh leis an éadach. D'fhan sé sa Daingean an oidhche sin agus an tarna h-oidhche agus é a teacht abhaile, do bhuail an mhuc leis san áit chéadna
Do dhein sí fé, ach má dhein(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74