Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 424](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_424.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 424
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean thiar i mBaile Ghainín fadó, agus oidhche amháin chuaidh sí amach a' siúbhal go dtí an tráig.
Bhí sí a siúbhal léithi siar 's aniar ar an dtráig, agus níor bh'fada go bhfeaca sí trí cinn de chapaill isteach chúichi ó'n bhfairrge agus níor stadadar go dtángadar ar an dtalamh tirm.
Bhíodar annsan ag rith mór-dtímpeall uirthi ar feadh i bhfad, agus iad fé mar a bheidís gur mhaith leó go ndéanfadh sí muinntearshas leótha; ach, níor dein sí aon iarracht ar san do dhéanamh. Thógadar a gcinn annsan, agus seo leótha arís amach san bhfairrge agus ní fheacaidh sí ó shoin iad.
Do chaill sí iad, mar dá gcaitheadh sí blúire cré ortha le linn iad do bheith a rith tímpeall uirthi, ba léithi féin iad ó shoin.- Faisnéiseoir
- Tomás Gruiméill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56