Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 449
- XML “Tobar a' Leasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)prátaí do bheirbhiú leis.Do chroch sí a corcan prátaí annsan ar an dteine, agus dá mbeadh sí ann ó shoin ní théighfheadh an t-uisce ar chú' ná ar chleas.Thóg sí an clúdach den chorcán agus d'fhéuch sí isteach ann agus is amhlaidh a bhí eiscín bheag mar scadán gainimhe ar barra na bprátaí a snámh anonn 's' anall.Do rug sí air, 's do chuir isteach i sciléad é, 's thug sí thar nais go dtí an tobar é, 's scaoil sí chun siubhal arís é.Chómh luath is bhí sé istig san uisce, chuaidh an tobar i ndísc san áit sin, agus níl le feiscint anois ach uische salach istig i bpoll mór doimhin mar a mbíodh an tobar d'fhíor uisce bheannuighthe roimis sin.Deirtear gur bris an tuisce amach arís tímpeall cead slat ó 'n gcead áit, ach triomuigheann na toibreacha san go minic, agus níl aon iontaoibh asta mar toibreacha beannuighe anois.(Mícheál O Finn 60 bl. ó na athair - R.I.P.)
- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Finn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60