Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 628

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 628

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 628
  3. XML “Seánscéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    saor riamh uaidh sin. Tá capall eile agam atá níos féarr ná an capall a bhí agat agus muna ndéanfhaidh sé sin an ghnó dhuit níl aon nídh eile le déanamh agam duit" Chuaidh "Neart" arís agus léim an capall thar an bhfalla agus suas go dtí an tig. Rug "Neart" ar an iallait agus ar an srian agus nuair a bhí "Caol" chun é do mharbhú do chaith sé le "Caol" iad, agus rug sé ar an gclaidheamh. "Tá obair maith déanta agat" arsa "Caol".
    "Bhíos annsan agus do phósas inghean Rígh na h-Indhiacha. Bhíos ag dul ag fiadhach lá agus do dheineas dearbhad ar rud éigin agus do chasas abhaile chun é d'fhághailt agus cé bhuail liom ach mo bhean agus an buachaill aimsire. Ní raibh fhios agam cad a dhéanfhainn. Bhíos chun an buachaill aimsire do mharbhú ach bhuail sí le slat mé agus do deineadh capall bán díom, do léim an buachaill aimsire ar mo dhrom agus do chur sé suas go dtí an chnoc me imeasc na n-ainmhidhthe eile. Oidhche amháin do bhailigheas na h-ainmhidhte go léir síos agus do chuadhamair isteach i bpáirc cruithneachtan a bhí aici agus d'itheamair go léir é. Nuair a tháinig an mhaidin do chuadhas féin suas go dtí an chnoc arís agus d'fhágas an chuid eile istig san pháirc. Nuair d'eirig sí ar maidin bhí fhios aici go maith gur b'é mise a thug isteach iad do dtí an pháirc agus do bhuail sí leis an slaitín me agus do deineadh mada-ruadh dhíom, agus do cuireadh go dtí na cnuic me. Bhaighileas na madraí ruadha go léir agus do ghuideamair na cearca go léir a bhí aici. Annsan do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Néill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Breanndán Ó Néill
    Inscne
    Fireann