Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 629

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 629

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 629
  3. XML “Seánscéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuir sí fios ar a h-athair teacht annso agus na cnuic do dhóghadh, tháinig sé agus thug sé a chuid saighdúirí leis. Do dhóghadar na cnuic agus bhíos istig i dtor agus do chonnac an rígh féin ag dul trasna ináirde ar chapall bán. Do léimeas ináirde ar dhrom an chapaill agus thug sé go dthí na h-Indhiacha me. Agus gach áit in a raghadh sé thugadh sé inaoneacht leis mé. Lá amháin bhí sé ag siubhal agus bhíos inaoneacht leis, do chonnac slaitín in a láimh aige. Bhí log mór uisge ar thaobh an bhóthair, do shíneas síos ann agus bhíos fluich, do chuadas inaice leis an rígh agus do chrothas me féin agus do fhliuchas a chuid eadaig sin leis. Do bhuail sé leis an slaitín me agus do dheineadh fear díom arís. D'ínnseas mo sgéal do mar gheall ar mo bhean, agus do chuir sé chun báis í, agus tháinigh annso arís agus táim annso ó shoin agus sin é mo sgeal" arsa "Caol an Iarainn". Annsan tháinig "Neart" abhaile agus nuair a chonnac an fear a bhí anuas ar an spuaic é do thuit sé agus do marbhuigheadh é, agus do phós "Neart" an cailín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Néill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Breanndán Ó Néill
    Inscne
    Fireann