Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 692
- XML “Cruatan - Longbhriseadh”
- XML “Dóiteáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)e) Do reiceáladh an "Kerry Lass" i gCam Trágha. Níor báthadh éinne de'n criú mar bhíodar sa leabaidh nuair táinig an stoirm. Do chaith an gála an bád isteach ar an dtráigh agus do bhris na tonntacha í annsan.
f) Do reiceáladh an "Catharine Richard" ag Poinnte an Mhachaire. Bhí sí in anncaire i mBádh Bhreanndán. (-) agus gach rud a bhí innte bhí sé briste agus bhí na seólta straca as a chéile. Táinig gaoth andeas oidhche amháin agus bhris slabhra na h-anncaire agus chúaidh an bád síos an Bádh. Nuair chonnaic an chriú na carraigreacha do léimeadar isteach ins na bádaibh beaga ach bhí an gála ró laídir agus do báthadh iad go léir. Níor bhris an bád mór ar aon chor.
Eamon Ó Déada (Rng VII)Do fuaireas iad so ó Dómhnal Ó Cinnéada atá na cómhnuidhe i mBreanndán agus tá sé 65 bl. d'aois. - a) Staisiúin Gárdaí an Cósta (1920)
b) Dóiteán a bhí san Droma) Bhí an stáisiún dóite i mí Lughnasa 1921. Do dóghadh seacht tighthe agus dob éigin do's na daoine dul go dtí Sasannab) Do dóghadh seacht mba le feirmeóir a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamon Ó Déada
- Inscne
- Fireann