Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí sí trí céad lá ar an bfairrge nuair tháinigh stoirm agus chaith an gála isteach go Bádh Breanndáin í. Bhí sí ar feadh seachtaine i mBádh Bhreanndáin agus annsan thaínig gaoth adtuaidh agus chuaidh sí isteach i dTráig Cíll Chuimín. Naoi mairnealaig déag agus an captaen a bhí innte is do báthadh íad go léir.
b) Do reiceáladh an "Laura" ag "Poinnte na Catharach". Last gráinne buidhe a bhí ínnte agus bhí fiche mairnealuig innte leis. Gaoth adtuaidh a bhí ann agus bhí sí ag séideadh isteach chun na carraigreacha. Nuair táinig an "Laura" go dtí Bádh Breanndán bhí an gála ró láidir di agus do séideadh isteach i gcoinnibh na carraigreacha í. Tháinig na mairnéalaig go léir saor aisti.
c) Do reicealadh an "Colm Cille" in Oilleán Árain. Bhí sí in anncaire i mBádh Breanndán agus oidhche amhain táinig gaoth andeas agus do bhris slabhra na h-anncaire. Ní raibh eínne innte agus níor stad sí gur bhuail sí Oileán Árainn agus do briseadh í ann.
d) Do reiceáladh an "Mary Joseph" i gCam Trágha. Bád iascaireachta d'ob eadh í agus bhí sí cuibheasach mór leis. Bhí sí in anncaire i mBádh Breanndeán agus táinig gaoth adtuaidh agus do briseadh í ar na carraigreacha. Níor báthadh éinne de'n criú a bhí innte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eamon Ó Déada
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Dómhnal Ó Cinnéada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí