Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 700
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Bhí bean i Liosnacaolbhuidhe fadó, timcheall dachad bliain ó shoin. Tháinig oidhce mhór gaoithe, stoirmeach agus lean sé dhe go dtí maidin ar na mbáireach. Lá ar na mbáireach do thuit smut de fhalla an tighe "Iarraim ar Dhia" ars sise, "ná leagfhaidh Sé thu mar thigh, go leagfhaidh dhá láimh duine thu," agus d'fhan an tig mar sin nó gur leagadh anuas é chun tighe nuadh do thógáil.2) Comharthaí go raibh an stoirm ag teacht:- An speír agus paistí crón-dhearg agus na "merry dancers" innti. Thugann an cat a dhrom leis an dteine.3) Le linn sneachtaidh éirigheann an fhairrge agus bíonn doirtheacht ins an spéir.4) Timcheall caogadh bliain ó shoin tháinig stoirm mór agus sneachta, do múchadh morán stuic, idir beithidhigh agus caoire i "Macha an Mhíl" i lár mí na Bealtaine.5) Oidche Nodhlag Beag na Gaoithe Móire 1839, níor thaínig a leithéid riamh ó shóin. Níor chuaidh éinne a codhladh an oidche úd. Do leag sé cocaí feír agus stácaí, agus níor fhág sé cleith ná sgolb ar aon bhothán ná raibh dinghithe agus ceangailte go maith roimis.6) Do bhí stoirm toírnighe ann sa bhliain 1936. Do mairbh sé trí ba, trí gamhna agus asal ar fear ó'n áit seo - Tomas Mac Gearailt ó'n gCeapaigFuaireas iad seo ó'm mháthair atá 57 bl.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Leighin
- Inscne
- Baineann