Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 135
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ann fadó agus bhí bó amháin aici.
Bhí sí ag bailiú úachtar ar feadh seachtamaine agus bhí an toban geall leis bheith lán aici.
Do chuaid franncach isteach ann I gan fhios dí.
Aon maidin amháin nuair a bhí sí ag dul isteach leis an úachtair chonnaich sí an franncach ag snámh tímcheall an tobán, agus chuir sí a lámh isteach ann agus thóg sí amach é.
Do thosnuig sí ar a cheann agus do líarach sí ó cheann go h-eirbeall é, agus déirfeadh sí leis “tagaidh arís chúgam agus arís eile, led’ dhá phadláighín do shúl agus led stúimpín eirbeall” agus ansann bhuail sí i gcoinibh an bhfalla é, agus marbhuig sí é.Muiris Ó Gríbhthín, Glaise, VII ad Rang.
Fuaireas é seo ó Mícheál Ó Téacháin,
Glaise, 73 bl d’aois.- Bailitheoir
- Muiris Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Téacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Uair amháin fadó bhí an Gobán Saor agus a mhac ag deanamh caisleain bhreagh do dhuine uasal.
Nuair a bhí an caisleán leath déanta aca, chualaidh an Gobán Saor go raibh sé socruighthe ag an nduine uasal iad do mharbhú, tráthnóna an laé a bheadh an caislean críocnuighthe acu i dtreó ná beadh aon chaisleán eile chómh breágh leis ar fuaid na Tuatha.
Annsan dubhairt an Gobán Saor leis an nduine uasal go raibh rud éigin aige sa bhaile a bhí ag teastáil uaidh chun an caisleán do chríochnú.(leanann ar an chéad leathanach eile)