Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0512
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear nach raibh salann san bhfarrige i gcómhnaidhe agus seo é an chaoi a thárla go bhfuil inathe. Bhí beirt dearbhráthair ann fadó. Bhí duine aca saidhbhir agus bhí an duine eile bocht. Lá amháin dubhairt an fear saidhbhir leis an mbochtán dul go deireadh an dhomhain agus thug sé píosa feóla dó. Bhí sé ag imtheacht agus ag imtheacht gur shroich sé teach agus táine. Fear chuig an doras agus labhair sé leis an stráinséar agus dúbhairt leis go mbeadh an píosa feóla ag teastáil ó lucht an tighe ach gan é a thabhairt dóibh go dtubhraidís muileann láimhe a bhí aca dó. Fuair sé an muileann láimhe as go bráth leis abhaile agus chuir sé an muileann ag oibriú agus tháinig chuile sórt bidh amach ar an mbord. Ní raibh an fear i ndon stop a chur leis an muileann agus céard a rinne sé ach dul chuig an bhfairrge agus é a chaitheadh isteach. Bí go leor cos air agus bhuail clocl i gcoinne coise aca agus thosaigh salann ag teacht amach go dtí go raibh an fhairrge línte le salann.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Éalbháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Martin Tom
- Inscne
- Fireann