Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0515
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnaidhe i gCo Shligigh uair amháín. Oidhche dubh dorcha agus é ag teacht abhaile ar a chapall bhí air dul tré choill mhóir . Nuair a bhí sé istigh i lár na coille tháinig car mór bán amach roimhe agus thug sé fogha faoi na mhuinéal . Choinnigh an fear amach uaidh é leis na laisge a bhí in a láimh aige agus laisg sé é agus laisg sé é gur thuit sé mín marbh ag a chosai. Sul a imtigh an dé deiridh as labhair sé agus dubhairt leis an bhfear.
'Nuair a ghabhfas tú abhaile innis do leaduide na luaithe gur mharbuigh tu Rí - chat na Páirce". Bhí go maith , nuair a chuaidh an fear abhaile d'innis sé an sgeál dá mhnaoí agus do chuid pháisdí . Bhí caitín beag sa teallach , d'éirigh sé de léim agus bheir se greim muinéil ar an bhfear agus tharraing sé an píobán as . Chuaidh an cat amach do léim tríd an bhfuinneóig agus ní fhachthas ariamh ó shoin é.- Bailitheoir
- Máire S. Níc Duarcháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Biddy Mc Gee
- Inscne
- Baineann